Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 17 Aibreán 1656 Baile Átha Cliath (Impireacht na Breataine) |
Bás | 11 Deireadh Fómhair 1698 42 bliana d'aois Baile Átha Cliath (Impireacht na Breataine) |
Siocair bháis | Bás nádúrtha (Galar duánach) |
Áit adhlactha | Eaglais San Audeon, Portlester Chapel 53° 20′ 38″ N, 6° 16′ 30″ O / 53.343923°N,6.275093°W |
Deputy (en) Teach na gComóntach | |
1692 – 1695 Toghcheantar: Dublin University (en) | |
Surveyor General of Ireland (en) | |
1684 – 1698 ← William Robinson – Tomás Búrc → | |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath (1671–1674) |
Gníomhaíocht | |
Suíomh oibre | Baile Átha Cliath Chester |
Gairm | réalteolaí, polaiteoir, fealsamh |
Tréimhse ama | Glúin an 17ú aois |
Ball de | |
Teangacha | Béarla |
Saothar | |
Saothar suntasach
| |
Teaghlach | |
Céile | Lucy Domvile |
Páiste | Samuel Molyneux |
Athair | Samuel Molyneux agus Anne Dowdall |
Siblín | Thomas Molyneux, An Chéad Bhairnéad |
Gradam a fuarthas
| |
Fealsamh nádúrtha agus scríbhneoir polaitiúil Éireannach ab ea William Molyneux (17 Aibreán 1656 – 11 Deireadh Fómhair 1698). Rugadh é i mBaile Átha Cliath.
Samuel Molyneux (1616–1693), dlíodóir agus tiarna talún, ab ea a athair, agus Anne, née Dowdall, ab ea a mháthair. Teaghlach Protastúnach sách rathúil a bhí ann.
Sa bhliain 1671 d'fhreastail sé ar Choláiste na Tríonóide áit ar léigh sé saothar mór scríbhneoirí an Réabhlóid Eolaíochta.
Sa bhliain 1678 phós sé Lucy Domville. Scríobh sé an saothar tábhachtach The Case of Ireland's being Bound by Acts of Parliament in England, Stated. sa bhliain 1698.